Aras Mhic Reachtain

P1114747

San 18ú haois déag bhí gluaiseacht in Éirinn, ag iarraidh Parlaimint na tíre a leasú, ag an am céanna bhí réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince ag titim amach. Chuaigh na réabhlóidithe seo agus a gcuid teachtaireachtaí i bhfeidhm ar dhaoine in Éirinn agus roimh i bhfad thiontaigh an ghluaiseacht in Éirinn ó ghluaiseacht ar son leasuithe go gluaiseacht ar son réabhlóide. I mBéal Feirste ba iad na meánaicmí Preispitéireacha a ndeachaigh spiorad na réabhlóide i bhfeidhm orthu, Anraí Seoigh agus Máire Áine Mhic Reachtain ina measc. Chuir Anraí Seoigh agus Preispitéirigh eile tús le Cumann na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste i 1791, grúpa poblachtach a raibh neamhspleáchas d’Éirinn agus aontú idir muintir na hÉireann mar chuid dá n-aidhmeanna.

Bhí clú agus cáil ar Bhéal Feirste féin mar áit. Ba Phreispitéirigh iad formhór na cathrach, agus go stairiúil ba chathair í BF a thug fadhbanna riamh d’údarás Shasana. Fiú Cromwell, mhaígh sé féin go raibh BF ró-bháúil leis na reibiliúnaigh agus Cuireadh ‘An Aithin ó thuaidh’ ar an chathair sna blianta ina dhiaidh, mar gheall a gcuid luachanna tuisceanacha. Le fás tagtha ar an chathair ó thaobh na tionsclaíochta de, tháinig laghdú ar chaidreamh idir Preispitéirigh na cathrach agus rialtas Shasana. Bhí Preispitéirigh sa chathair ag iarraidh níos saibhre de réir tionsclaíochta na cathrach, ach bhí rialtas Shasana ag cuir constaicí ar tháirgí a bhí ag imeacht ó Éirinn. Ní raibh guth formhór na hÉireann le cloisteáil i bparlaimint na tíre mar gheall nach féidir le haon duine seachas Protastúnaigh suíocháin a ghlacadh sa Pharlaimint.